December 24

COMÓRTAS CLÁR RAIDIÓ GAEL LINN 2014

first_imgComhghairdeas leis na scoileanna a leanas a bhuaigh duaiseanna i gComórtas Clár Raidió Gael Linn 2014!Bhí líon ard iontrálacha arís i mbliana, agus cláir raidió den scoth ina measc!Is í Áine Hensey, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a rinne an measúnú ar na hiarrachtaí uilig agus bhí sí an-mholtach faoi shaothar na gcraoltóirí óga. DUAISEANNA NÁISIÚNTA: Is iad na trí chlár a roghnaíodh le dul sa choimhlint do na duaiseanna náisiúnta i.e. €650, €450 agus €350, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ( agus ní in aon ord ar leith atá siad ! ) ná:• ‘Tóir ar Taibhsí’, Coláiste Cholmcille, Oileán Thoraí, Co. Dhún na nGall• ‘Inis Caorach’, Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Oileán Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall• ‘Beezie, bean an locha’, Coláiste na nUrsalach, Sligeach Fógrófar na buaiteoirí ( An chéad áit, an dara háit, an tríú háit ) i Stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta, Na Doirí Beaga ar an Déardaoin, 8 Bealtaine le linn an chláir ‘Rónán Beo @ 3’ . Is é Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha na gClár, RTÉ Raidió na Gaeltachta a fhógróidh an toradh.DUAISEANNA ROINN A (do scoileanna a ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge)(Urraithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann)1ú Áit (€300): ‘An Ghaeilge Chomhaimseartha’, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, BÁC2ú hÁit (€250): ‘Slainte intinne i measc na hóige’, Meanscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman 3ú hÁit (€200): ‘Cúrsaí ceoil i gCorca Dhuibhne’, PS Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. ChiarraíDUAISEANNA ROINN B (do scoileanna nach ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge)(Urraithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann)1ú Áit (€300) : ‘Seo linn san idirbhliain’, Scoil Theach an Mhainéara, Rath Éanaigh, BÁC 2ú hÁit (€250): ‘An teach oibre inné is inniu’, Col. N. Mhaodhóg, An Babhún Buí, Co. an Chabhán3ú hÁit (€200): ‘Dráma Raidió’, Scoil Eorpach an Bhruiséil, An BheilgMaith sibh uilig!COMÓRTAS CLÁR RAIDIÓ GAEL LINN 2014 was last modified: April 28th, 2014 by John2Share this:Click to share on Facebook (Opens in new window)Click to share on Twitter (Opens in new window)Click to share on LinkedIn (Opens in new window)Click to share on Reddit (Opens in new window)Click to share on Pocket (Opens in new window)Click to share on Telegram (Opens in new window)Click to share on WhatsApp (Opens in new window)Click to share on Skype (Opens in new window)Click to print (Opens in new window)Tags:colaiste cholmcilleGairmscoil Mhic Dhiarmadalast_img read more